Cumann Gaeilge na hAstráile
Bíoḋ bród ort as do ṫeanga!

Le déanaí, thug beirt aisteoir Éireannach cuairt ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann anseo i Melbourne. Thug Edwin Mullane léiriú ar “The Little Cloud” ó Dubliners le James Joyce, chun aitheantas a thabhairt do Bloomsday. Is comhbhunaitheoir The Corps Ensemble é Edwin agus tá sé ina stiúrthóir ealaíne don chompántas sin faoi láthair.

Is fearr aithne ar John Connors as an dráma RTÉ Love/Hate. Léirigh sé dráma aonair, Ireland’s Call, in St. Kilda agus Bondi le linn a thurais, cé nach raibh an bheirt acu san Astráil ach cúig lá!

I láthair freisin, bhí Éadaoin O’Reilly (Irish Film Festival Australia) agus iar-Uachtarán an Chumainn, Karolyne McDermott Paron. Bhain an lucht féachana an-sult as an seó.

Baill an Chumainn ag baint sult as ceiliúradh Bloomsday
Edwin Mullane, Éadaoin O’Reilly, Karolyne McDermott Paron ⁊ John Connors

Recently, two Irish actors visited Comhaltas Ceoltóirí Éireann here in Melbourne. Edwin Mullane gave a rendition of “The Little Cloud” from Dubliners by James Joyce, as an acknowledgement of Bloomsday. Edwin is co-founder of The Corps Ensemble and the company’s current artistic director.

John Connors is best know for the RTÉ drama Love/Hate. He staged a one-man play, Ireland’s Call, in St. Kilda and Bondi, even though the two actors were only in Australia five days!

Also present were Éadaoin O’Reilly (Irish Film Festival Australia) and ex-President of the Cumann, Karolyne McDermott Paron. The audience enjoyed the show very much.

Comhaltas
Ní thig leat an craiceann is a luach a fháil.
—Seanfhocal